Amharc Éireann: A View of Ireland
Gael Linn was established in 1953 to promote and revitalise Irish language and culture through a variety of means – which would eventually include music, film and educational initiatives. A most successful and accessible early venture was the establishment in 1956 of the Amharc Éireann newsreel, the first regular indigenous cinema newsreel since the Irish Events series of the 1920s.
The series was seeded in 1955 when Ernest Blythe, then Chairman of Comdháil Násiúnta na Gaelige (the national Irish language council), lent Gael Linn £100 to produce a short film for cinema. This “pilot” would become the first of a long-running newsreel series – Gael Linn’s Amharc Éireann. From 1956 to mid-1957, the series consisted of short single-story films that were distributed to cinemas throughout the country on a monthly basis. Their popularity was immediate, and by 1959 the series had evolved into a more traditional weekly newsreel with each issue containing three or four separate stories from around the country. The series continued until 1964, when the immediacy of television as a means of delivering daily news to the Irish public lead to a marked decline in the relevance and popularity of the cinema newsreel.
A total of 267 editions of the Amharc Éireann series were produced. The key production team comprised: Colm Ó Laoghaire (producer); Jim Mulkerns, Val Ennis and Vincent Corcoran (camera); Peter Hunt (sound); Breandán Ó hEithir and Máirtín Ó Cadhain (scriptwriter); Pádraic Ó Raghallaigh (voiceover) and Gerard Victory (composer). Other crew members included Nick O’Neill, Morgan O’Sullivan and George Morrisson.
Although Gael Linn’s Amharc Éireann production ceased in late 1964, its impact on Irish cultural identity still resonates today. The range of Irish interest subjects covered (from hard news stories to magazine-style items) provides vivid snapshots of the rapid development of modern Ireland during a particularly progressive period under the stewardship of T.K. Whitaker, Secretary of the Department of Finance, and Taoiseach Seán Lemass.
Economic and industrial progress is documented through a broad array of stories such as the introduction of innovative prefabrication in schools; the opening of a chewing gum factory; and the launch of Ireland’s first oil-fired power-station. Urban development is seen in the demolition of the Theatre Royal and the old Abbey Theatre, and the building of the Adelphi Cinema. International visitors such as Louis Armstrong, Margaret Rutherford and Princess Grace are captured, while ordinary folk enjoy ploughing championships, fleadhanna cheoil, sporting events, ballroom dancing, hunting, shooting and lovely legs competitions.
IFI is delighted to present 250 stories from the Amharc Éireann series with the support and partnership of Gael Linn and our app provider, Axonista. Viewers are invited to explore the collection, search using our new interactive map or browse by decade to reveal stories connected to places of personal or historical significance.
The films in the Amharc Éireann collection provide a visual record of Ireland in the 1950s and 1960s. The films reflect the sensibility and sensitivities of the periods in which they were made. The commentary within some of the films may include language and attitudes which were prevalent and socially acceptable at the time of production but which may less so by today’s more enlightened standards.
Irish subtitles and descriptions kindly provided by Gael Linn, with thanks to Réamonn Ó Ciaráin, Eve Nic an Phapa, Jane O’Connor, and Máire Harris.
Bunaíodh Gael Linn sa bhliain 1953 chun an teanga agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn agus a athbheochan trí réimse bealaí – lena n-áirítear ceol, scannáin agus tionscnaimh oideachais de réir a chéile. Ba é bunú nuachtríleanna Amharc Éireann sa bhliain 1956 an chéad nuachtríl dhúchasach rialta do phictiúrlanna ó Irish Events sna 1920idí. Bhí Amharc Éireann ar cheann de na tionscadail luatha ba rathúla agus ab inrochtana de chuid Gael Linn ag an am.
Cuireadh tús leis an tsraith sa bhliain 1955 nuair a thug Ernest Blythe, Cathaoirleach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (comhairle náisiúnta na Gaeilge) £100 ar iasacht do Gael Linn chun gearrscannán a léiriú don phictiúrlann. Ba é an “píolóta” seo an chéad cheann de shraith fhada nuachtríleanna – Amharc Éireann de chuid Gael Linn. Ó 1956 go lár 1957, bhíodh scannáin ghearra aon-scéil sa tsraith a dháiltí ar phictiúrlanna ar fud na tíre gach mí. Bhí an-tóir orthu láithreach, agus faoi 1959 bhí an tsraith tagtha chun cinn ina nuachtscannán seachtainiúil níos traidisiúnta agus de ghnáth bhíodh trí nó ceithre scéal ar leith ó gach cearn den tír i ngach eagrán. Lean an tsraith ar aghaidh go dtí 1964, nuair a tháinig laghdú suntasach ar ábharthacht agus ar an éileamh a bhí ar nuachtscannáin na pictiúrlainne mar gheall ar láithreacht na teilifíse mar mhodh chun nuacht laethúil a sheachadadh do phobal na hÉireann.
Táirgeadh 267 eagrán san iomlán de shraith Amharc Éireann. Ar an bpríomhfhoireann léiriúcháin bhí: Colm Ó Laoghaire (léiritheoir); Jim Mulkerns, Val Ennis agus Vincent Corcoran (ceamara); Peter Hunt (fuaim); Breandán Ó hEithir agus Máirtín Ó Cadhain (scríbhneoir scripte); Pádraic Ó Raghallaigh (tráchtaire) agus Gerard Victory (cumadóir). Ar na baill eile den chriú bhí Nick O’Neill, Morgan O’Sullivan agus George Morrisson.
Cé gur tháinig deireadh le léiriú Amharc Éireann de chuid Gael Linn ag deireadh na bliana 1964, tá an tionchar a bhí aige ar fhéiniúlacht chultúrtha na hÉireann le sonrú sa lá atá inniu ann. Tugann an raon ábhar spéise Éireannaí a clúdaíodh (ó chrua-scéalta nuachta go míreanna ar stíl irise) léargas beoga ar fhorbairt thapa na hÉireann nua-aimseartha le linn tréimhse thar a bheith forásach faoi stiúir T.K. Whitaker, Rúnaí na Roinne Airgeadais, agus an Taoisigh, Seán Lemass.
Déantar dul chun cinn eacnamaíoch agus tionsclaíoch a dhoiciméadú trí réimse leathan scéalta amhail tabhairt isteach seomraí ranga réamhdhéanta a bhí nuálaíoch i scoileanna; oscailt monarcha guma coganta; seoladh an chéad stáisiún cumhachta ola-dhóite in Éirinn. Feictear forbairt uirbeach i scartáil na hAmharclainne Ríoga agus Amharclann na Mainistreach, agus tógáil Phictiúrlann Adelphi. Ceaptar cuairteoirí idirnáisiúnta ar nós Louis Armstrong, Margaret Rutherford agus Banphrionsa Grace, agus baineann gnáthdhaoine taitneamh as craobhchomórtais treabhdóireachta, fleadhanna cheoil, imeachtaí spóirt, damhsa bálseomra, seilg, lámhach agus comórtais cos álainn.
Tá áthas ar IFI 250 scannán ó shraith Amharc Éireann a chur i láthair, le tacaíocht agus comhpháirtíocht Gael Linn agus ár soláthraí aipeanna, Axonista. Tugtar cuireadh do lucht féachana iniúchadh a dhéanamh ar an mbailiúchán, cuardach a dhéanamh ag baint úsáide as ár léarscáil idirghníomhach nua nó brabhsáil de réir deich mbliana chun scéalta a bhaineann le háiteanna a bhfuil tábhacht phearsanta nó stairiúil leo a nochtadh.
Soláthraíonn na scannáin i mbailiúchán Amharc Éireann taifead físe ar Éirinn sna 1950idí agus sna 1960idí. Léiríonn na scannáin íogaireacht agus tuiscintí na dtréimhsí ina ndearnadh iad. D’fhéadfadh teanga agus dearcaí a bheith san áireamh sa tráchtaireacht i gcuid de na scannáin a bhí coitianta agus inghlactha go sóisialta tráth an léiriúcháin ach nach mbeadh chomh coitianta céanna de réir chaighdeáin níos soiléire an lae inniu.
Fotheidil agus tuairiscí Gaeilge curtha ar fáil go cineálta ag Gael Linn, a bhuíochas le Réamonn Ó Ciaráin, Éabha Nic an Phápa, Jane O’Connor, agus Máire Harris.





























































































